Nochtadh Cosanta
Is é atá san Acht um Nochtadh Cosanta 2014 arna leasú leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022 reachtaíocht a achtaítear chun cosaint a sholáthar d’oibrithe ar mian leo ábhar imní a ardú maidir le héagóraíocht fhéideartha san ionad oibre. Leagtar amach san Acht roinnt bealaí inar féidir nochtadh a dhéanamh d’fhostóirí, agus do chomhlachtaí seachtracha chomh maith.
Tagraíonn “ nochtadh cosanta ” do chás ina nochtar duine, atá i gcaidreamh obair-bhunaithe le heagraíocht, faisnéis maidir le héagóir a fuair sé/sí i gcomhthéacs gníomhaíochta reatha nó san am a chuaigh thart a bhaineann leis an obair. Uaireanta tugtar “ sceitheadh ” air seo. Tagraítear do dhuine den sórt sin mar “ oibrí ” nó “ duine tuairiscithe ” agus “ tuarascáil a dhéanamh ” nó “ nochtadh ” a thagraítear do fhaisnéis a nochtadh i ndáil le héagóra líomhnaithe, de réir an Achta.
Speak Up Helpline
Má tá tú ag smaoineamh ar ábhar imní a thuairisciú, tá comhairle saor in aisce agus faoi rún ar fáil ó Líne Chabhrach Speak Up Transparency International Ireland ag 1800 844 866, Luan go hAoine, ó 10am go 6pm. Seol ríomhphost chuig [email protected]
Tá treoirleabhar “Speak up Safely” foilsithe ag Transparency International Ireland chun cabhrú le hoibrithe cinneadh eolasach a dhéanamh roimh imní a roinnt faoi éagóir ionchasach.
Is féidir tuilleadh eolais agus treorach a fháil ag www.speakup.ie .
Ról an Údaráis Rialála Seirbhísí Maoine
Forálann Alt 7 den Acht um Nochtadh Cosanta gur féidir nochtadh cosanta a dhéanamh do rialtóirí seachtracha áirithe, dá ngairtear “daoine forordaithe” san Acht. Tá na daoine forordaithe sin liostaithe in Ionstraim Reachtúil 367/2020 .
Is duine forordaithe é an tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine faoi alt 7 den Acht um Nochtadh Cosanta agus Ionstraim Reachtúil 367 de 2020. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh oibrithe nochtadh cosanta a dhéanamh don Údarás Rialála Seirbhísí Maoine maidir le hábhair a bhaineann le ceadúnú, rialú agus rialáil soláthraithe seirbhísí maoine, agus imscrúdú gearán ina gcoinne.
Féadfaidh oibrí nochtadh a dhéanamh do dhuine forordaithe:
Conas nochtadh cosanta a dhéanamh
Tá faisnéis maidir le tuairisc a chur chuig an PSRA ar fáil :
NOCHTADH COSANTA PSRA – BEARTAS TUAIRISCITHE SEACHTRACH
Léigh an doiciméad seo go cúramach le do thoil sula ndéanann tú tuairisc . Is ortsa amháin atá an fhreagracht a chinntiú go gcomhlíonann tú na critéir um chosaint faoin Acht.
Má theastaíonn comhairle rúnda neamhspleách uait (lena n-áirítear comhairle dlí) maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh, féach le do thoil do chuid 10 den bheartas tuairiscithe seachtraí.
Má tá aon cheist agat faoin bpolasaí seo, déan teagmháil le do thoil le: [email protected] nó Teileafón: 046-9033800 / Saorghlao: 1800-252712 (iarraidh labhairt le Duine Ainmnithe um Nochtadh Cosanta).
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní féidir leis an PSRA comhairle dlí a sholáthar duit maidir le tuairisc a dhéanamh.
Moltar, ar a laghad, go mbeadh na sonraí seo a leanas i dtuairiscí:
a. gur nochtadh cosanta í an tuarascáil;
b. ainm an duine tuairiscithe, post san eagraíocht, ionad oibre agus sonraí rúnda teagmhála;
c. dáta na héagóra líomhnaithe (más eol) nó an dáta ar cuireadh tús leis/ar aithníodh é;
d. an bhfuil nó nach bhfuil an éagóir líomhnaithe fós ar siúl;
e. an bhfuil an éagóir líomhnaithe nochta cheana féin agus má tá, cé dó, cathain, agus cén beart a rinneadh;
f. faisnéis maidir leis an éagóir líomhnaithe (cad atá ag tarlú / a tharla agus conas);
g. ainm aon duine nó daoine a líomhnaítear go raibh baint acu leis an éagóir líomhnaithe (má tá aon ainm ar eolas agus go measann an t-oibrí gur gá an éagóir a nochtadh a thuairisciú);
h. aon fhaisnéis ábhartha eile.
Admhóimid nochtuithe laistigh de 7 lá tar éis é a fháil agus déanfaimid measúnú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh.
Tuarascálacha Bliantúla
Ceanglaíonn an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 ar chomhlachtaí poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach líon na nochtadh cosanta a rinneadh an bhliain roimhe sin, agus na gníomhartha a rinneadh. Tá tuarascálacha an Údaráis ar fáil ag an nasc seo a leanas:
Nochtadh Cosanta Tuarascálacha Bliantúla – An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine