Is é an tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine an comhlacht reachtúil atá freagrach as an earnáil seirbhísí réadmhaoine in Éirinn a cheadúnú agus a rialú. Ceann de phríomhfheidhmeanna an Údaráis ná córas ceadúnaithe éifeachtach a oibriú a chlúdaíonn gach Soláthraí Seirbhísí Maoine. Faoin Acht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil) 2011 (an tAcht), ní mór do gach duine (lena n-áirítear cuideachtaí, comhpháirtíochtaí, trádálaí aonair agus fostaithe) a sholáthraíonn seirbhísí maoine in Éirinn a bheith ceadúnaithe ag an Údarás.
Sa Chuid seo gheobhaidh tú faisnéis maidir le hiarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua, ceadúnas reatha a athnuachan, leasú a dhéanamh ar cheadúnas reatha agus do cheadúnas a athrú go fostóir nua.
Nuashonraíodh an leathanach seo an 29 Iúil 2022