Iniúchtaí Comhlíonta
Tá sainordú ag an Údarás mar chuid dá fheidhmeanna reachtúla rialála, iniúchtaí comhlíonta a dhéanamh ar a cheadúnaithe. Creideann an tÚdarás go bhfuil dhá chuspóir ag iniúchtaí iniúchta, ar dtús sáruithe ar an Acht a aithint ach níos tábhachtaí fós gur modh iad chun comhlíonadh a thiomáint agus chun caighdeán comhsheasmhach gairmiúil seirbhíse a sheachadadh do chliaint uile na soláthraithe seirbhísí maoine.
Déanann Cigirí Rialála an PSRA mar aon le himscrúdaitheoirí ar conradh a bhfuil an saineolas riachtanach acu chun iniúchtaí comhlíonta a dhéanamh, iniúchtaí ar ghnólachtaí ceadúnaithe thar ceann an Údaráis.
Iniúchtaí Comhlíonta a dhéanamh
Chun a fheidhm reachtúil a chomhlíonadh leanann an tÚdarás ag déanamh iniúchtaí comhlíonta ag áitreabh an cheadúnaithe nó go cianda ar líne. Chun an próiseas seo a bhainistiú oibríonn an tÚdarás an córas ShareFile áit a gceanglaítear ar cheadúnaithe doiciméid a uaslódáil trí ShareFile sula ndéanann siad an t-iniúchadh comhlíonta. Cinntíonn ShareFile go ndéantar doiciméid a uaslódáil ar bhealach slán sábháilte
Cuirfear treoracha mionsonraithe maidir le conas an córas ShareFile a oibriú, mar aon le doiciméid bhreise a chabhróidh le hullmhú d'iniúchadh comhlíonta, ar aghaidh go leictreonach chuig an gCeadúnaí a mbeidh iniúchadh comhlíonta le déanamh ag Cigire air. Cuirfear tuilleadh faisnéise ar an gcaoi a n-oibreoidh an próiseas seo in iúl roimh ré do cheadúnaithe a roghnófar le haghaidh iniúchta.