Táillí
Íoctar táillí Chatagóir 4* le comhaltaí an Údaráis mar a leanas:
Cathaoirleach – €8,978
Ball – €5,985
*Ní íocfar aon táillí le hionadaithe na Roinne agus fostaithe eile san earnáil phoiblí.

Is Suirbhéir Cairte & Comhairleoir Réadmhaoine í Áine Myler le breis agus 30 bliain de thaithí ag leibhéal an tionscail agus an bhoird. Bíonn sí i láthair go rialta agus ina cathaoirleach ar imeachtaí tionscail agus cuireann sí le haighneachtaí beartais agus rialála an tionscail. Roimhe seo bhí Áine ina Príomh-Stiúrthóir & Cláraitheoir ar Chumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann (SCSI), an comhlacht rialála agus caighdeáin ghairmiúla maoine agus foirgníochta is mó in Éirinn. Is Comhalta den Chumann í, Comhalta d’Institiúid Ríoga na Suirbhéirí Cairte (RICS) agus iar-Uachtarán ar Institiúid Cheantálaithe & Luachálaithe na hÉireann. Sular thosaigh sí leis an gCumann, bhí Áine i gceannas agus ag bainistiú gníomhaireachtaí seirbhísí gairmiúla, ag bainistiú foirne tionscadail ildisciplíneacha go minic. Tá Céim Mháistreachta aici san Eacnamaíocht Pleanála & Forbartha ó TU Bhaile Átha Cliath agus Dioplóma Gairmiúil in Eadrána ó UCD.
Is Príomhoifigeach é Dan Kelleher i bhFeidhm Slándála agus Thuaisceart Éireann na Roinne Dlí agus Cirt. D’oibrigh sé roimhe seo i bhfeidhmeanna dlí coiriúil, tearmainn/imirce agus príosúin na Roinne agus i roinnt Ranna agus gníomhaireachtaí eile. Tá Céim sa Tráchtáil aige ó Ollscoil na Gaillimhe agus Máistreacht sa Bhainistíocht Phoiblí ón bhForas Riaracháin, Baile Átha Cliath.

Bhunaigh Ella Dunphy í féin mar Cheantálaí agus Luachálaí ceannródaíoch i gCathair Chill Chainnigh agus i Réigiún an Oirdheiscirt le 16 bliana anuas. In 2013, toghadh Ella ar Chomhairle Institiúid na gCeantálaithe agus na Luachálaithe Gairmiúla agus in 2018 ceapadh í mar an chéad bhean-Uachtarán ar Institiúid na gCeantálaithe agus na Luachálaithe. Ina theannta sin, suíonn Ella ar choiste le IT Thamhlachta a bhfuil baint aige le leagan amach na modúl don chúrsa céime Luacháil Maoine.

Tá céim Bhaitsiléara Dlí ag Martin Sisk agus is Aturnae é de réir gairme. D’oibrigh sé do na Coimisinéirí Ioncaim roimhe seo, agus chaith sé formhór a shlí bheatha i réimse na Rialála, idir airgeadais agus eile, mar Chláraitheoir na gCairdiúil-Chumann agus ina dhiaidh sin mar oifigeach sinsearach i mBanc Ceannais na hÉireann. Bhí Martin ina Chathaoirleach ar VHI Healthcare roimhe seo agus le déanaí mar Chathaoirleach ar Údarás Maoirseachta Iniúchóireachta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IASSA) agus mar Chathaoirleach Eatramhach ar Choimisiún Scrúduithe an Stáit. Bhí sé ina Chomhalta Boird Seachtrach Neamhspleách d’Oifig an tSoláthair Rialtais (OGP) agus ina Chomhalta Boird den Chomhlacht Comhairleach Uisce (WAB), den Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), agus den Údarás Rialála Carthanas.
Chuaigh Eugene Cummins ar scor mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae Ros Comáin i Meán Fómhair 2022 agus tá beagnach 40 bliain de thaithí Rialtais Áitiúil aige. Thar na blianta tá Eugene páirteach i bpróisis chomhréitigh agus eadrána, a bhaineann le tailte a fháil, le haghaidh mórscéimeanna bonneagair, agus le déanaí, cheannaigh sé tailte le haghaidh tograí móra forbartha tithíochta. Tá díospóidí móra caidrimh thionsclaíoch réitithe ag Eugene thar na blianta agus chosain sé seasamh an Údaráis Áitiúil (ar go leor saincheisteanna) sna Cúirteanna Cuarda agus san Ard-Chúirt. Tá taithí leathan aige ar rialachas corparáideach agus faoi láthair tá sé ina Chathaoirleach ar Bhord Choimisiún Forbartha an Iarthair. Tá BE ag Eugene san Innealtóireacht Shibhialta agus Máistreacht i Riarachán Gnó ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá os cionn 20 bliain de thaithí ag Gordon Hughes san earnáil réadmhaoine tar éis dó a bheith ag obair do Chuideachta Bainistíochta Maoine mór i mBaile Átha Cliath. Bhunaigh sé a chleachtas maoine féin in 2001 i mBéal an Átha Móir, Co. Liatroma, a dhúchais. In 2017, mhéadaigh Gordon a ghnó nuair a ghnóthaigh sé cleachtas rathúil Cheantálaithe John Fitzgerald i Ráth Tó, Co. na Mí agus rinne sé athbhrandáil ar an gcuideachta mar Fitzgerald Hughes. D’fhóin sé mar Chomhairleoir Contae agus d’oibrigh sé ar Bhord FSS an Iarthair, Údarás Réigiúnach na Teorann agus Cuideachta Fiontair Liatroma.
Is iar-chomhpháirtí sinsearach í Joan le Deloitte, a bhfuil taithí leathan aici ar bheartas straitéiseach agus poiblí. Tá sí ainmnithe ag an Rialtas ar Phainéal Réiteach Díospóide Cánach an AE, ina comhalta de Bhord Rialachais Sonraí Oscailte na Roinne Caiteachais Phoiblí, ina cathaoirleach ar Choiste de chuid an Údaráis Rialála Seirbhísí Dlí um Ghearáin, agus ina Ball neamhspleách de Choiste Iniúchta, Riosca agus Airgeadais Chomhairle Tréidliachta na hÉireann. Is Iar-Uachtarán í ar Institiúid Cánach na hÉireann, cuntasóir cairte, FCA, agus comhairleoir cánach cairte, FITI. Cuireadh oideachas uirthi i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Oxford.
Is iar-Chláraitheoir Aturnaetha agus Stiúrthóir Rialála ag Dlí-Chumann na hÉireann é John Elliot. Roimhe sin bhí sé ina Bhainisteoir Ginearálta, ina Rúnaí Cuideachta agus ina Ghníomhaire Dlí ag an iar-ACBNC tar éis dó fónamh mar Chomhairleoir Sinsearach Dlí don chuideachta infheistíochta 3i Group sa RA. Tá sé ina Chathaoirleach anois ar Bhord Achomhairc Chumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann agus labhraíonn sé ar chúrsaí rialála ag comhdhálacha dlí idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnacha.
