Soláthraíonn an chuid seo faisnéis ghinearálta ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol). Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 20 11 (IR Uimh. 133 de 2007 agus IR Uimh. 662 de 2011) (Rialacháin AIE), cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.
Conas iarratas AIE a dhéanamh
Agus iarratas á dhéanamh agat ar fhaisnéis faoi na Rialacháin AIE, ceanglaítear ort:
Cuir an t-iarratas isteach trí ríomhphost chuig [email protected] nó i scríbhinn chuig:
An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine
Foirgnimh na Mainistreach
Bóthar na Mainistreach
Uaimh
Co na Mí
C15 K7PY
Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas i d’iarratas:
- Ráiteas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na Rialacháin AIE
- Do shonraí teagmhála
- An oiread eolais agus is féidir faoin eolas comhshaoil a theastaíonn
- Má theastaíonn an t-eolas uait i bhformáid ar leith (m.sh. fótachóipeanna)
Ba cheart go mbeadh iarratais chomh sonrach agus is féidir chun cabhrú le sainaithint na dtaifead atá á lorg.
Admhófar iarratais agus i bhformhór na gcásanna, seolfar cinneadh deiridh ar d’iarratas chugat
laistigh de mhí amháin ón iarratas a fháil.
Más rud é, mar gheall ar chastacht nó méid na faisnéise a theastaíonn, nuair nach féidir linn freagra a thabhairt laistigh den fhráma ama míosa, scríobhfaimid chuig an iarratasóir laistigh den mhí, ag cur in iúl cathain a
eiseofar freagra.
Táillí
Níl aon táille roimh ré chun iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin AIE. D’fhéadfadh táillí a bheith i gceist, áfach, as faisnéis a thiomsú, a chóipeáil, a phriontáil nó a phostáil.
Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar m’iarratas AIE?
Faoi Airteagal 11 de na Rialacháin AIE tá an ceart agat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh tosaigh. Is féidir leat achomharc a dhéanamh in aon chinneadh arna eisiúint ag an Údarás trí scríobh chuig an Údarás Rialála Seirbhísí Maoine, Foirgnimh na Mainistreach, Bóthar na Mainistreach, an Uaimh, Co. na Mí nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] ag lorg Athbhreithniú Inmheánach ar an ábhar.
Ní mór athbhreithniú inmheánach a iarraidh laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh bhunaidh. Níl aon táille ar athbhreithniú inmheánach a iarraidh. Is éard a bheidh i gceist leis an achomharc ná athmhachnamh iomlán a dhéanamh ar an ábhar ag ball d’fhoireann an Údaráis agus cuirfear cinneadh in iúl duit laistigh de mhí amháin ó dháta faighte an iarratais ar an athbhreithniú.
Cad a tharlóidh mura bhfuilim sásta leis an gcinneadh ar athbhreithniú inmheánach?
Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh athbhreithnithe inmheánaigh trí scríobh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (CEI). Ba cheart duit achomharc a iarraidh chuig an OCEI laistigh de mhí amháin ó chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh a fháil.