Má thosaíonn duine ar fhostaíocht, agus iad ag soláthar seirbhísí réadmhaoine, le fostóir eile ní mór dóibh foirm Fhostóra um Athrú ar Sheirbhísí Maoine a chur isteach trí www.psralicences.ie .
Níl aon táille mar go bhfuil do cheadúnas reatha á aistriú agat go dtí ceadúnas fostóra nua. Tabhair faoi deara, le do thoil, fanfaidh an dáta éaga ar do cheadúnas mar a chéile.
Beidh ort do chárta ceadúnais is déanaí a chur ar ais chuig an Údarás ag: An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine, Foirgnimh na Mainistreach, Bóthar na Mainistreach, An Uaimh, Co. na Mí C15 K7PY .
Ar leathanach baile psralicences.ie scrollaigh síos an scáileán agus roghnaigh an rogha dheireanach “Fostóir Seirbhísí Maoine a Athrú” agus “Cuir i bhFeidhm Anois”.

Iarrfar ort ansin logáil isteach i do chuntas psralicences.ie trí úsáid a bhaint as an ríomhphost agus an pasfhocal a d’iontráil tú nuair a chláraigh tú le www.psralicences.ie.
Lean na treoracha ar an scáileán.
Nuair a bheidh an “Dearbhú” i gCuid 3 den Fhoirm seo comhlánaithe agat, iarrfar ort “Síniú a Iarraidh” mar go gcaithfidh tú d’fhoirm iarratais a chur isteach le síniú chuig d’fhostóir nua. Beidh ort seoladh ríomhphoist teagmhála ainmnithe d’fhostóra nua a bheith agat (seo an seoladh ríomhphoist atá cláraithe ag d’fhostóir nua ar psralicences.ie).
Gheobhaidh d’fhostóir nua fógra ríomhphoist maidir leis an riachtanas atá acu an Fhoirm Iarratais a shíniú. Déanfaidh d’fhostóir nua Athbhreithniú/Faomhadh/Síniú má tá na sonraí cruinn agus seolfaidh sé d’fhoirm iarratais ar ais chugat.
Gheobhaidh tú fógra go bhfuil d’fhoirm iarratais curtha ar ais agat. Ag an bpointe seo beidh ort logáil isteach ar www.psralicences.ie agus d’fhoirm iarratais a chur isteach chuig an Údarás tríd an rogha “Cuir isteach” a roghnú ar thaobh na láimhe clé den scáileán.
Is ar an duine aonair/fostaí atá an dualgas an t-iarratas a chur faoi bhráid an Údaráis.