Molann PSRA do mhic léinn an choláiste a bheith airdeallach faoi ghníomhairí ligin bréagacha agus iad ag cuardach lóistín
Agus tús na bliana acadúla sa choláiste ag druidim agus torthaí na hArdteistiméireachta á scaoileadh, tabharfaidh go leor mac léinn tús áite do chóiríocht a fháil. Ba cheart dóibh siúd a úsáideann gníomhaire ligin a chinntiú go bhfuil an gníomhaire a fhostaíonn siad ceadúnaithe ag an Údarás Rialála Seirbhísí Maoine (PSRA). Le linn an chuardaigh lóistín, féadfaidh mic léinn teacht ar ghníomhairí ligin bréagacha a dhéanann iarracht [...]