Molann Údarás Rialála Seirbhísí Maoine (PSRA) do mhic léinn coláiste a bheith cúramach faoi ghníomhairí ligean ar cíos bréige agus iad ag cuardach cóiríochta.
De réir mar a thagann tús na bliana acadúla coláiste agus torthaí na hArdteistiméireachta á scaoileadh, tabharfaidh go leor mac léinn tús áite do lóistín a fháil. Ba chóir dóibh siúd a úsáideann gníomhaire ligean a chinntiú go bhfuil ceadúnas ag an ngníomhaire a fhostaíonn siad ón Údarás Rialála Seirbhísí Maoine (PSRA). Le linn an chuardaigh lóistín, d’fhéadfadh mic léinn teacht ar ghníomhairí ligean bréige a dhéanann iarracht [...]